Scroll Top

COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ 1

Dúnta Anois

AN TIONSCADAL

I gcomhpháirt le Bonneagar Iompair Éireann agus leis an Roinn Iompair, tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag déanamh iniúchadh ar a indéanta a bheadh Glasbhealach Idiruirbeach a nascfadh Béal an Átha, Caisleán an Bharraigh agus Cathair na Mart le chéile.

Is é an aidhm atá le Tionscadal Ghlasbhealach Idiruirbeach Bhéal an Átha – Chaisleán an Bharraigh – Chathair na Mart Glasbhealach Idiruirbeach atá tarraingteach, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar idir na trí lonnaíocht is mó i gCo. Mhaigh Eo ar aon dul le beartas rialtais, agus beidh sé ina chuid den Ghréasán Rothaíochta Náisiúnta.

Gníomhóidh an Glasbhealach Idiruirbeach mar chonair luachmhar a thairgfidh rogha modha shláintiúil do gach úsáideoir, áit a soláthrófar rochtain bhreisithe ar an mór-réigiún, a spreagfar úsáideoirí iniúchadh a dhéanamh ar na bailte agus na sráidbhailte máguaird, agus a bhforbrófar arís eile an acmhainneacht comaitéireachta agus turasóireachta araon laistigh den réigiún, agus tairbhí á mbaint amach don gheilleagar áitiúil.

LÁTHAIR

Síneann an stráice den ghréasán atá ann cheana atá á scrúdú ó Bhéal an Átha go dtí an ceann thoir den Ghlasbhealach tógtha idir Caisleán an Bharraigh agus Turlach agus ón gceann thiar den Ghlasbhealach tógtha idir Caisleán an Bharraigh agus Turlach go Cathair na Mart i gCo. Mhaigh Eo (tríd is tríd).

Ballina Castlebar Westport Interurban Greenway Study Area Map
Béal an Átha

Limistéar Staidéir

Cuimsíonn an Limistéar Staidéir limistéar ó Bhéal an Átha go Caisleán an Bharraigh agus go Cathair na Mart. Tá sé thart ar 50 km ar fad san iomlán. Cuirfear aon bhonneagar atá ar fáil cheana san áireamh ann, amhail an Glasbhealach idir Caisleán an Bharraigh agus Turlach.

Limistéar Staidéir

Cuimsíonn an Limistéar Staidéir limistéar ó Bhéal an Átha go Caisleán an Bharraigh agus go Cathair na Mart. Tá sé thart ar 50 km ar fad san iomlán. Cuirfear aon bhonneagar atá ar fáil cheana san áireamh ann, amhail an Glasbhealach idir Caisleán an Bharraigh agus Turlach.

Béal an Átha

Is é atá i gceist leis an Staidéar ar Shrianta ná sainaithint a dhéanamh ar na heilimintí fisiciúla/saorga/innealtóireachta/nádúrtha uile laistigh den limistéar staidéir ar ina leith atáthar ag súil leis go bhforbrófar agus go scrúdófar roghanna.

Tríd an nglasbhealach seo a fhorbairt, d’fhéadfaí deis a chruthú do ghnólachtaí nua éiceathurasóireachta agus taistil ghníomhaigh leas a bhaint as an margadh a bhíonn ag fás, amhail turais rothaíochta a fhorbairt, deisiúcháin/díolacháin rothar, turais siúil, agus miondíoltóirí bia agus dí.

Is iad seo na tosca a úsáidtear chun an limistéar staidéir a shuí:

  • Cuspóirí foriomlána na scéime.
  • Na cúig chritéar – Sárscéimhe, Inbhuanaithe, Deighilte, Neart le Déanamh agus le Feiceáil, agus Straitéiseach.
  • Tionchair Thimpeallachta.
  • Innealtóireacht.
  • Tosca Airgeadais.

Is iad seo na tosca a úsáidtear chun an limistéar staidéir a shuí:

  • Cuspóirí foriomlána na scéime.
  • Na cúig chritéar – Sárscéimhe, Inbhuanaithe, Deighilte, Neart le Déanamh agus le Feiceáil, agus Straitéiseach.
  • Tionchair Thimpeallachta.
  • Innealtóireacht.
  • Tosca Airgeadais.

AN CREAT NÁISIÚNTA PLEANÁLA

Is é atá sa Chreat Náisiúnta Pleanála ná plean straitéiseach ardleibhéil an Rialtais le haghaidh fás agus forbairt ár dtíre amach anseo a mhúnlú suas go dtí an bhliain 2040.

“Creat atá ann mar threoir don infheistíocht phoiblí agus phríobháideach, le deiseanna a chruthú agus a chothú dár ndaoine, agus lenár gcomhshaol a fheabhsú – ónár gcuid sráidbhailte go dtí ár gcathracha, agus gach a bhfuil thart orthu agus eatarthu”.

Project Ireland 2040

Tacóidh Tionscadal Ghlasbhealach Idiruirbeach Bhéal an Átha – Chaisleán an Bharraigh – Chathair na Mart le Torthaí Straitéiseacha Náisiúnta an Chreata Náisiúnta Pleanála.

AN FHOIREANN TIONSCADAIL

Is í Comhairle Contae Mhaigh Eo, le tacaíocht ó Oifig Bóithre Náisiúnta Mhaigh Eo, an príomh-Bhainisteoir agus an príomh-Dhearthóir ar an tionscadal. Tá raon Soláthraithe Seirbhíse seachtracha mar chuid den fhoireann freisin.

Mayo County Council
Mayo National Roads Office