Scroll Top

Nuacht & Foilseacháin

Cad atá ag tarlú anois?

Choimisiúnaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo Barry Transportation, ar sainchomhairleoirí deartha innealtóireachta iad, chun forbairt na scéime a chur ar aghaidh. Tá an tionscadal ag dul ar aghaidh i gcomhréir le Lámhleabhar an Bhainisteora Tionscadail do Thionscadail Ghlasbhealaigh ó Bhonneagar Iompair Éireann. Tá sé ag Céim 1 (Coincheap agus Staidéar Féidearthachta) faoi láthair, tar éis dó dul go rathúil trí Chéim 0 (Scóip agus Réamh-Bhreithmheas) sa bhliain 2023.

Sainaithníodh Limistéar Staidéir mar chuid de Chéim 1 (Coincheap agus Staidéar Féidearthachta) agus, faoi láthair, tá srianta a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar roghnú roghanna agus aon phríomhghnéithe nó aon phríomhdheiseanna a chuirfeadh feabhas ar an eispéireas úsáideora á sainaithint ag an bhfoireann tionscadail.

DO RANNPHÁIRTÍOCHT – COMHAIRLIÚCHÁN POIBLÍ 1

Tá Comhairle Contae Mhaigh Eo ag iarraidh ar gach páirtí leasmhar anois páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar an limistéar staidéir. Is é an cuspóir atá le Comhairliúchán Poiblí 1 faisnéis a thabhairt don phobal faoin tionscadal agus aiseolas a lorg ar an limistéar staidéir reatha, ar na srianta a sainaithníodh, agus ar aon deiseanna eile ar cheart don fhoireann tionscadail breithniú a dhéanamh orthu. Tá do rannpháirtíocht sa chomhairliúchán seo tábhachtach, agus ba mhór againn aon aiseolas ar cheart, dar leat, don fhoireann tionscadail athbhreithniú a dhéanamh air chun cabhrú le bonn eolais a chur faoi fhorbairt an tionscadail.

Sainaithníodh Limistéar Staidéir mar chuid de Chéim 1 (Coincheap agus Staidéar Féidearthachta) agus, faoi láthair, tá srianta a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar roghnú roghanna agus aon phríomhghnéithe nó aon phríomhdheiseanna a chuirfeadh feabhas ar an eispéireas úsáideora á sainaithint ag an bhfoireann tionscadail.

Na Chéad Chéimeanna Eile

Maidir leis an aiseolas agus na haighneachtaí a gheofar tríd an gcomhairliúchán poiblí seo, déanfaidh an fhoireann tionscadail breithniú orthu mar chuid de Chéim 1 (Coincheap agus Staidéar Féidearthachta) agus cabhróidh siad le bonn eolais a chur faoi fhorbairt an tionscadail.

Is é atá i gceist leis an gcéad chéim eile den phróiseas ná na roghanna réasúnacha uile a fhorbairt, a chuirfear faoi réir Measúnú Roghanna ansin chun a shainaithint agus a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil rogha indéanta amháin ar a laghad ann. Ullmhófar achoimre ar an Measúnú ar Roghanna agus ar an rogha mholta nó na roghanna molta atá beartaithe a chur ar aghaidh chuig Céim 2 (Roghnú Roghanna).

Reáchtálfar dara tréimhse comhairliúcháin phoiblí neamhreachtúil i gCéim 2, ar lena linn a iarrfar ar an bpobal arís eile aighneachtaí agus trácht a dhéanamh ar na Roghanna Beartaithe, sula sainaithneofar Rogha Roghnaithe.

Taispeáint Phoiblí

LIMISTÉAR STAIDÉIR, SRIANTA AGUS DEISEANNA
Ón 03 Bealtaine go dtí an 17 Bealtaine 2024, beidh daoine den phobal, nó páirtithe leasmhara eile, in ann coinní a chur in áirithe le baill den fhoireann tionscadail.
Dátaí Cruinnithe Fíorúla Comhairliúcháin Phoiblí

Mar chuid den chomhairliúchán poiblí ar an gcéim seo den tionscadal, sceidealaíodh dátaí chun daoine den phobal a chumasú bualadh go fíorúil leis an bhfoireann tionscadail. Is iad seo na dátaí comhairliúcháin phoiblí sin:

Beidh coinní ar fáil gach lá idir 10am agus 1pm.

Cuir do Choinne in áirithe